Applications are open to community and voluntary groups, organisations, venues, artists, writers, performers, archaeologists, historians, architects, archivists, schools, colleges, and individuals who have something to contribute to creativity and culture within Waterford.
In 2023, there are two categories of the grant:
Category 1: The maximum grant available to an individual project in this round of funding is €8,000. Grant applications for lesser amounts are also welcomed.
Category 2: The maximum grant available to an individual project in this round of funding is €20,000. It is anticipated that a maximum of two grants will be awarded in this category. Category 2 grant applications must show significant collaboration and partnership with creatives and with organisations/groups/communities who may not have access to creativity in the course of their day-to-day lives.
· Up to 75% of the approved project cost will be supported by the Creative Ireland Waterford Programme with 25% being met by the successful applicants.
· Please note: Cross-sectoral, collaborative creative projects of a community origin/focus will be given priority. To be successful, applications must show how communities are being actively encouraged to be more creative.
For a better chance of receiving funding, it is recommended that you download and read the
Information & Guidelines 2023 document and complete a Creative Communities Toolkit for your project. The toolkit and exercises are available on the links below.
Tuairisc
Tá na hiarratais oscailte do ghrúpaí pobail agus deonacha, eagraíochtaí, ionaid, ealaíontóirí, scríbhneoirí, taibheoirí, seandálaithe, staraithe, ailtirí, cartlannaithe, scoileanna, coláistí, agus daoine aonair a bhfuil rud éigean le tabhairt acu don chruthaitheacht agus don chultúr taobh istigh de Phort Láirge.
In 2023, tá dhá chatagóir den deontas i gceist:
Catagóir 1: €8,000 an t-uasdheontas atá ar fáil do thionscadal aonair sa bhabhta seo den mhaoiniú. Cuirfear fáilte freisin roimh iarratais ar shuimeanna níos lú. Beidh suas go dtí 75% de chostas ceadaithe an tionscadail á thacú ag Clár Éire Ildánach Phort Láirge agus 25% á íoc ag na hiarratasóirí a n-éireoidh leo.
Catagóir 2: €20,000 an t-uasdheontas atá ar fáil do thionscadal aonair sa bhabhta seo den mhaoiniú. Meastar gur dhá dheontas ar a mhéid a bhronnfar sa chatagóir seo. Caithfidh iarratais ar dheontas Chatagóir 2 cuid mhaith comhoibrithe agus comhpháirtíochta a thaispeáint le lucht cruthaitheachta agus le heagraíochtaí / grúpaí / pobail nach móide go mbíonn rochtain acu ar an gcruthaitheacht le linn a saol ó lá go lá.
· Beidh suas go dtí 75% de chostas ceadaithe an tionscadail á thacú ag Clár Éire Ildánach Phort Láirge agus 25% á íoc ag na hiarratasóirí a n-éireoidh leo.
· Tabhair faoi deara: Tabharfar tús áite do thionscadail cruthaitheacha trasearnálacha agus comhoibritheacha a thagann ón bpobal, nó atá dírithe ar an bpobal. Chun go n-éireoidh le hiarratas, caithfidh iarrthóirí a léiriú conas a ndéanfar pobail a ghríosadh i slí ghníomhach chun a bheith níos cruthaithí.
Ionas go mbeidh seans níos fearr agat maoiniú a fháil, moltar duit an doiciméad Eolas & Treoirlínte 2023 a íoslódáil agus a léamh agus an Uirlis do Phobail Chruthaitheacha a chomhlánú i gcomhair do thionscadail. Tá an uirlis agus na cleachtaí ar fáil tríd na naisc thíos.