Is éard atá sna Deontais Chleachtais Ealaíon ná eochairchuid den tacaíocht ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge d'ealaíontóirí, do chruthaitheoirí ealaíon agus do sheirbhísí gairmiúla ealaíon pobail. Bunaítear an saghas tacaíochta seo ar ghníomhartha Straitéis Ealaíon Chathair agus Chontae Phort Láirge 2016 – 2022 – “
Comhfhís do na hEalaíona i bPort Láirge” agus leanann sé go dlúth na gníomhartha ábhartha faoi na trí théama sa straitéis sin:
· Rannpháirtíocht agus Rochtain
· Tacaíocht d'Ealaíontóirí
· Féiniúlacht agus Áit
Comhlíonann struchtúr na nDeontas Cleachtais Ealaíon Alt 6 den Acht Ealaíon 2003. Tá na deontais seo ar fáil chun maoiniú a sholáthar i gcomhair na dtionscadal agus i gcomhair na gclár atá ag cur leis na cuspóirí seo:
· Suim an phobail sna hEalaíona a spreagadh
· Eolas, tuiscint agus cleachtas ar na hEalaíona a chur chun cinn, nó
· Feabhas a chur ar na caighdeáin sna hEalaíona
Cliceáil ar an deontas cuí, le do thoil, agus lean na treoracha san áit a bhfeictear iad. Déanfaidh tú dul chun cinn san fhoirm trí na freagraí cuí a chlóscríobh sa bhosca agus ansin an eochair aisfhillte a chliceáil. Mar mhalairt air sin, tar éis duit an freagra a líonadh, féadfaidh tú cliceáil ar an gcuid faoi na Ceisteanna atá ar thaobh na láimhe deise.
Níl an cúnamh deontais ar fáil ach d'ealaíontóirí, do ghrúpaí ealaíon agus d'eagraíochtaí ealaíon atá lonnaithe laistigh de limistéar riaracháin Chathair agus Chontae Phort Láirge.
Ní foláir nó go mbeidh léiriú poiblí éigin ar an tionscadal laistigh de Phort Láirge.
I dtaca le deontais amharclannaíochta i gcoitinne, léigh, le do thoil,
TREOIRLÍNTE.